Lines Matching refs:go
5 De Bhrí gur thionscain a neamhaird agus an mí-mheas ar chearta an duine gníomhartha barbartha a chuir uafás ar choinsias an chine daonna, agus go bhfuil forógartha gurb é meanmarc is uaisle ag an gcoitiantacht saol a thabhairt i réim a bhéarfas don duine saoirse chainte agus chreidimh agus saoirse ó eagla agus ó amhgar,
7 De Bhrí go ndearna pobail na Náisiúin Aontaithe sa Chairt dearbhú athuair ar a gcreideamh i gcearta bunúsacha an duine, i ndínit agus i bhfiúntas pearsan an duine agus i gcearta comhionanna fear agus bean, agus gur chinneadar tacú leis an ascnamh sóisalach agus réim maireachtana níos fearr a thabhairt i gcrích faoi shaoirse níos fairsinge,
9 De Bhrí gur ghabhadar na Stát-Chomhaltaí faoi chuing ghealltanais go ndéanfaid, i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, urraim uile-choiteann éifeachtach d'áirithiú do chearta agus do shaoirsí bunúsacha an duine.
11 De Bhrí go bhfuil sé fíor-thábhachtach, chun an gealltanas sin a chomhalladh ina iomláine, go mbeifí ar aon-tuiscint maidir leis na cearta agus na saoirsí sin,
13 Anois ar an abhar sin forógrainn an Tionól Ginerálta an Dearbú Uile-choiteann seo ar Chearta an Duine mar chomhchaighdeán le tabhairt i réim ag gach pobal agus gach náisiún ionas go ndeánfaidh gach uile dhuine agus gach uile organ den chomhdhaonnacht, agus iad de shíor ag tabhairt an Dearbhuithe seo dá n'aire agus dá n-úidh, díchell, tríd an teagasc agus an t-oideachas, chun urraim do na cearta agus do no saoirsí sin a chothú agus chun a áirithiú tríd bearta ascnaimh, náisiúnta agus eadarnáisiúnta, go mbeidh aithint agus feidm éifeathtach uile-choiteann acu, ní hamháin i measc pobal na Stát-Chomhaltaí féin, ach fós i measc pobal na gcríocha atá faoina ndlínse sin.
19 Tá teideal ag gach uile dhuine chun na gceart agus na saoirsí go léir atá leagtha amach sa Dearthú seo, gan idirdhealú dáon tsaghas, go háirithe maidir le cine, dath, gnéas, teanga, creideamh, tuairim pholitíochta nó tuarim eile, bunadh náisiúnta nó sóisilach, maoin, breith nó céimíocht eile,
42 Ní déanfar go forlamhach aon duine a ghabháil a choinneáil ná a chur ar deoraíocht.
48 1. Gach duine a cúiseofar i gcion inphíonois is tuigthe é a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthaítear ciontach é do réir dlí i dtrail phoiblí, ina mbeidh ar fáil aige gach cóir is gá lena chosaint a ráthú.
53 Ní déanfar cur isteach go forlámhach ar dunie ar bith maidir lena shaol príobháideach, a theaghlach, a ionad cónaithe, ná a chomhfreagras ná ní déanfar ionsaí air i leith a onóra ná a cháile.
68 2. Ní déanfar go forlámach a náisiúntacht a bhanit d'aon duine, ná fós an ceart chun a náisiúntacht d'athrú.
80 2. Ní féidir a mhaoin a bhaint go forlámhach de dhuine ar bith.
83 Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse machnaimh, coinsiasa agus credimh; airítear sa sa cheart sin an tsaoirse chun a chreideamh nó a dheimhne d'athrú maraon leis an saoirse chun a chreideamh nó a dheimhne d'fhiolsiú, ina aonar nó a nó in éineacht le daoine eile, go poiblí nó go príobháideach, tríd an teagasc, an cleachtadh, an adhradh agus na deas-ghnátha.
89 1. Tá ag gach uile dhuine an ceart go mbeidh saoirse aige teacht ar tionól agus gabháil le comhlachas go sítheoilte
94 1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí rialuithe a thíre, go díreach nó trí ionadaithe a toghtar go saorálach.
98 3. Is é toil an phobail is foras don údarás rialuithe; léireofar an toil sin de thoradh toghchán ionraic a déanfar ó aim go ham trí bhótáil chomhchoiteann chomhionann agus trí tún-bhallóid nó ar mhodh dá shamhail sin a ráthaíos saoirse bhótála.
101 Tá ag gach uile dhuine, mar chomhalta den chomhdhaonnacht, an ceart chun slándála sóisialaí; dlítear dó go bhféadfaidh sé, de thoradh an tsaothair náisiúnta agus an chomhair eadarnáisiúnta agus do réir eagraíochta agus acmhainne gach Stáit ar leith, na cearta a shásamh, i gcúrsaí eacnamíochta agus comhdhaonnachta agus cultúra, is dual dá dhínit agus is riachtanach do shaor-fhorbairt a phearsantachta.
108 3. Tá ag gach duine a dhéanas obair an ceart chun luach saothair chóir shásúil a bhéarfas go mbeidh aige féin, agus ag a theathlach, cóir mhaireachtana mar is dír do dhníit an duine, agus ina theannta sin pé caomhaint shóisialach eile is gá.
113 Tá ag gach uile dhuine an ceart chun sosa agus scíthe, agus go háirithe chun teora réasúnach lena uaireannta oibre agus chun saoirse le páigh d'fháil ó thráth go chéile.
121 1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun an oideachais. Bhéarfar an t-oideachas in aisce, sna céimeanna tosaigh agus bunaidh ach go háirithe. Beidh an bun-oideachas éigeantach. Cuirfear an t-oideachas teicniúil agus gairmiúil ar fáil go comhchoiteann; beidh combrochtain do réir fiúntais ag gach uile dhuine ar an árd-oideachas.
130 2. Tá ag gach uile dhuine an ceart go gcosnófaí na leasa morálta agus abhartha a leanas as aon tsaothar eolaíochta, litríochta nó ealaíon arb é is údar dó.
133 Is dligh do gach uile dhuine go mbéadh eagras sóisialach agus e adarnáisiúnta i réim a bhéarfadh go bhféadfaí na cearta agus na saoirsí atá leagtha amach sa Dearbhú seo a chur i gerích go hiomlán.
136 1. Tá dualgais ar an uile dhuine i leith an phobail arb ann amháin is féidir a phearsantacht d'fhobairt go saor agus go hiomlán.